Féile Chill Mhantáin is a celebration of Irish
Wicklow Town Team is delighted to launch Féile Chill Mhantáin. The festival is a celebration of the Irish language through Irish literature, music, song and dance. Féile Chill Mhantáin will take place in venues across Wicklow Town from 17th – 19th May 2019. It is a family festival with events suitable for all ages and will cater to all levels of Irish.
Wicklow Town Team successfully applied for funding under the Rural Development Programme (LEADER) for this event. Wicklow Town Team is working with a number of groups to help deliver the inaugural Féile Chill Mhantáin including Cainteoirí Chill Mhantáin, Comhaltas Ceoltóirí and Wicklow County Council.
Rosemary Kavanagh, Vice-Chairperson of the Wicklow Town Team said:
“Wicklow Town Team is delighted to bring a new festival to Wicklow Town this year. Féile Chill Mhantáin is a family fun event, suitable for individuals that are fluent in the Irish language and also those who only have a cúpla focal. We look forward to the people of Wicklow Town taking part in the festival and extending a warm welcome to those who will visit the town to experience Féile Chill Mhantáin.
We would like to extend our gratitude to the organisations and owners that are allowing us to use their venues to deliver the festival events.”
The majority of events are free over the weekend. The family fun activities include: creative writing, Irish dancing, sean nos dancing and set dancing, Yoga circus skills and juggling show, treasure hunt, céilí’s, popup Gaeltacht, Traditional music, music workshops and much more. For more information on Féile Chill Mhantáin log onto www.facebook.com/FeileChillMhantain
Féile Chill Mhantáin ag ceiliúradh na Gaeilge
Tá an-áthas ar Fhoireann Bhaile Chill Mhantáin Féile Chill Mhantáin a sheoladh. Ceiliúrann an fhéile seo an Ghaeilge trí mheán na litríochta, an cheoil, na hamhránaíochta agus an damhsa. Beidh Féile Chill Mhantáin ag tarlú in ionaid éagsúla i mBaile Chill Mhantáin ón 17ú – 19ú Bealtaine 2019. Féile clainne a bheidh ann le himeachtaí a bheidh oiriúnach do gach aon aoisghrúpa agus do dhaoine le gach aon leibhéal Gaeilge.
D’éirigh le Foireann Bhaile Chill Mhantáin maoiniú a fháil faoin gClár um Fhorbairt Tuaithe (LEADER) don imeacht seo. Tá Foireann Bhaile Chill Mhantáin ag obair le grúpaí éagsúla chun an fhéile thionscnaimh seo a eagrú; ina measc Cainteoirí Chill Mhantáin, Comhaltas Ceoltóirí agus Comhairle Chontae Chill Mhantáin.
Dúirt Rosemary Kavanagh, Leaschathaoirleach Fhoireann Bhaile Cill Mhantáin:
“Tá an-áthas ar Fhoireann Bhaile Chill Mhantáin féile nua a thabhairt go Cill Mhantáin i mbliana. Is éard atá i bhFéile Chill Mhantáin ná spraoi-imeachtaí clainne, oiriúnach do dhaoine ag a bhfuil Gaeilge líofa agus dóibh siúd le cúpla focal. Tá muid ag súil go mór le muintir Bhaile Chill Mhantáin ag glacadh páirt san fhéile seo agus le fíorchaoin fáilte a fhearadh roimh na cuairteoirí a thiocfaidh go dtí an baile chun taitneamh a bhaint as Féile Chill Mhantáin.
Is mian linn ár mbuíochas a ghabháil leis na heagraíochtaí agus leis na húinéirí atá ag tabhairt cead dúinn a n-ionaid a úsáid chun imeachtaí na féile a chur i láthair.”
Beidh formhór na n-imeachtaí saor in aisce don deireadh seachtaine. I measc na spraoi-imeachtaí clainne beidh: scríbhneoireacht chruthaitheach, damhsa Gaelach, damhsa sean-nós agus damhsa seit, ióga, scileanna sorcais agus seó lámhchleasaíochta, tóraíocht taisce, céilithe, ‘pop-up Gaeltacht’, ceol traidisiúnta, saotharlanna ceoil, agus i bhfad níos mó ná sin. Chun níos mó eolais a fháil faoi Fhéile Chill Mhantáin logáil isteach go www.facebook.com/FeileChillMhantain